Coiscéim siar go dtí an t-ochtú haois déag
Coimeádtar bailiúcháin thábhachtacha de leabhair agus lámhscríbhinní Eorpacha ón gcúigiú haois déag go dtí an t-ochtú haois déag istigh sa leabharlann. Tagann cuairteoirí ó gach cearn den domhan chun an ailtireacht a mhóradh agus an t-atmaisféar a bhlaiseadh. Seans gur thug sibh faoi deara faoin am seo go bhfuil boladh ar leith ar leabhair thearca!
Ba é an tArdeaspag Marsh a choimisiúnaigh an leabharlann, agus a chónaigh béal dorais ina áras oifigiúil, Pálas N. Sepulchre, agus é ina Árdeaspag ar Bhaile Átha Cliath. Inniu, is é pálás an Ardeaspaig stáisiún Gardaí Shráid Chaoimhín.
Tá cruth ‘L’ ar an leabharlann, leis na leabhair suite in dhá ghailearaí agus seanseomra léitheoireachta eatarthu. Is féidir leat ár dtaispeántas reatha a fheiceáil agus tú ag dul tríd an leabharlann.

An Chéad Ghailearaí
Coimeádtar deich míle leabhar istigh sa chéad ghailearaí. Is é seo bailiúchán Stillingfleet, cléireach iomráiteach Sasanach, i dtreo dheireadh na seachtú haoise déag. Tá béim sa bhailiúchán seo ar an stair, an dlí, an pholaitíocht, an léann clasaiceach agus an eolaíocht. Cheannaigh an tArdeaspag Marsh na leabhair seo ar £2,500 — suim ollmhór airgid ag an am.
Tá na seilfeanna déanta as adhmad ón nGearmáin. Tá na leabhair sa leabharlann san áit chéanna ar na seilfeanna inar cuireadh iad trí chéad bliain ó shin. Tá ábhar difriúil le fáil i ngach bá; mar shampla, i mbá “A” sa chéad ghailearaí, ar dheis roimh an doras gloine, tá Bíoblaí móra ann, leis na scrioptúir i Laidin, Gréigis, agus Eabhráis. Go ginearálta, coimeádtar na leabhair is troime ar na seilfeanna ísle. Coimeádtar na leabhair is lú ar na seilfeanna is airde agus is gnách gur leabhair níos tráthúla nó níos conspóidí iad.

An Seanseomra Léitheoireachta
Tríd an doras ag deireadh an tseomra, tá an Seanseomra Léitheoireachta. Go dtí le déanaí, ba ar an mbord seo a bhí Leabhar na gCuairteoirí fágtha. Nuair a léigh Bram Stoker anseo in 1866, agus James Joyce i 1902, is sna cathaoireacha seo a shuigh siad. Sa lá atá inniu ann, léann ár léitheoirí na leabhair i seomra sábháilte thíos staighre.
Is iad bailiúcháin leabhar Elias Bouhéreau atá istigh sa Seanseomra Léitheóireachta. Úgónach (Huguenot) ab ea Bouhéreau, a theith go hÉirinn ón ngéarleanúint reiligiúnach sa Fhrainc in 1686. D’éalaigh Bouhéreau, a bhean, agus seachtar dá n-ochtar páistí ó chuan La Rochelle, ach tógadh a 2,200 leabhar as an tír trí iad a dhíol go bréagach leis an ambasadóir Sasanach i bPárás; sheol sé siúd na leabhair ar aghaidh ansin go dtí na fíor-úinéirí trína chumhachtaí taidhleoireachta.

An Dara Gailearaí
Níl an Dara Gailearaí chomh galánta leis an gcéad cheann: tá na toisí idir na bánna níos cúinge agus níl síleáil bhoghtach ann. Féachann sé ó thuaidh, agus bíonn an gailearaí seo cúpla céim níos fuaire ná an chud eile den leabharlann dá bharr. Is cinnte gurb í an fhuacht a mhothaítear ar theacht isteach sa ghailearaí seo duit is cúis leis na scéalta leanúnacha go bhfuil púca sa leabharlann. Is ar thaobh na láimhe clé atá bailiúchán pearsanta leabhar an Ardeaspaig Marsh. Ba theangeolaí cumasach é Marsh agus tá a bhailiúchán fíorláidir i leith na hEabhraise, na hArabaise, na hAramaise, na Siricise, agus na Coptaise. Nuair a fuair Marsh bás, bronnadh a leabhair ar an leabharlann, ach cuireadh a bhailiúchán suntasach de lámhscríbhinní ón Oirthear go dtí an Bodleian in Oxford.
Is ar thaobh na láimhe deise den áiléar seo atá leabharlann phearsanta John Stearne, Easpag Chlochair. Tá claonadh níos liteartha sa bhailiúchán seo ná sna trí bhailiúchán eile, agus méid mhór drámaí agus dánta ann. Tá an chuid is mó de na leabhair a bhaineann le cúrsaí na hÉireann le fáil sa bhailiúchán seo freisin; tá fócas i bhfad níos Eorpaí sa chuid eile den leabharlann.
Tógadh na cásanna ag bun an dara gailearaí thart ar an gceathrú deiridh den ochtú aois déag. Úsáideadh iad nuair a bhí cuairteoirí ag iarraidh leabhair bheaga, a bheadh éasca le goid, a léamh. Cuireadh an staighre bíse sa leabharlann le blianta beaga anuas, sna 1980í. Bhíodh bealach isteach go túr réalteolaíochta taobh thiar den doras adhmaid ag barr an staighre, agus nasc ó thúr Leabharlann Marsh go dtí pálás an Árdeaspaig. Baineadh an túr as a chéile in 1833.

CONAS A MHAOINÍTEAR MUID:
Is carthanacht chláraithe í an leabharlann. Is trí dheontas ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, agus Gaeltachta atá muid in ann an leabharlann a oscailt do chuairteoirí. Tugann Oifig na nOibreacha Poiblí comhairle phroifisiúnta agus cabhair den scoth dúinn le caomhnú an fhoirgnimh.
CONAS AR FÉIDIR LEAT CABHRÚ:
Tá gá leanúnach le cuid de na leabhair is sine agus is teirce sa leabharlann a chaomhnú agus a dheisiú. Leiríonn an téip bhán a fheicfidh tú ar roinnt de na leabhair go bhfuil said le tabhairt chuig ár roinn chaomhnaithe. Ní bhíonn ach miondheisiúcháin ó roinnt de na leabhair, ach bíonn obair shuntasach ag teastáil ó chinn eile. Úsáidtear gach uile cent den airgead a chuirtear inár mboscaí deontais sa leabharlann chun na hábhair sár-luachmhara seo a chosaint agus a chaomhnú. Féach mar a chosnaíonn do dheontais na leabhair seo ag: www.marshlibrary.ie/conservation
BÍ AG CAIDREAMH LINN:
Gach lá oibre den bhliain, cuireann muid íomhá ónár mbailiúcháin ar na meáin shóisialta. Cuirfidh sé ionadh ort cé chomh hálainn, spéisiúil is atá na leabhair agus lámhscríbhinní a chuireann muid ar líne.
Má tá aon trácht le déanamh agat ar do chuairt ar Leabharlann Marsh, téigh i dteagmháil linn le do thoil ag: information@marshlibrary.ie
Connect On Social

Connect On Social
