Coiscéim siar go dtí an ochtú aois déag
Choimeádtar bailiúcháin tábhachtacha de leabhair agus lámhscríbhinní Eorpacha ón cúigiú aois déag go dtí an ochtú aois déag istigh san leabharlann. Tagann cuairteoirí ó gach cuid den domhan chun an ailtireacht a mhóradh agus an atmaisféar a shú. Seans gur thug sibh faoi deara faoin am seo go bhfuil boladh ar leith ag leabhair tearca!
Ba é an tÁrdeaspag Marsh a choimisiúnaigh an leabharlann, agus a chónaigh béal dorais ina áras oifigiúil, Pálas N. Sepulchre, is é ina Árdeaspag ar Bhaile Átha Cliath.Ón inniu, is é an phálás stáisiún Ghárda Shráid Chaoimhín anois.
Tá an leabharlann i gcruth “L”, leis na leabhair shuite in dhá ghailearaí agus sean seomra léitheoireachta idir iad. Is féidir leat ár dtaispeántas reatha a fheiceáil tríd an leabharlann agus tú ag dul.

Chéad Gailearaí
Choimeádtar deich míle leabhair istigh san chead gailearaí. Is é seo bailiúchán Stillingfleet, cléireach iomráiteach Sasanach é i dtreo deireadh na seachtú aoise déag. Tá béim sa bhailiúchán seo ar an stair, an dlí, an pholaitíocht, an léann chlaisiceach, agus an eolaíocht. Cheannaigh an tÁrdeaspag Marsh na leabhair seo ar £2,500— suim ollmhór airgead ag an am.
Tá na seilfeanna dhéanta as adhmad ón Ghearmáin. Tá na leabhair sa leabharlann san áit céanna ar na seilfeanna inar cuireadh iad trí chéad bliain ó shin. Tá ábhar difriúil le fáil i ngach bá; mar shampla, i mbá “A” sa chéad gailearaí, ar dheis roimh an doras gloine, tá Bíoblaí móra, leis na scrioptúr i Laidin, Gréigis, agus Éabhráis. Go ginearálta, coimeádtar na leabhair is troime ar na seilfeanna ísle. Is gnách gur leabhair níos tráthúla nó conspóideacha na leabhair níos lú, agus coimeádtar iad ar sheilfeanna níos airde.

Sean-Seomra Léitheoireachta
Tríd an doras ag deireadh an seomra, tá an Sean-Seomra Léitheoireachta. Go dtí le déanaí, bhí sé ag an mbord seo go raibh na leabhar in úsáid de cuairteoirí na leabharlann. Nuair a léigh Bram Stoker anseo in 1866, agus James Joyce i 1902, is sna cathaoireacha seo a bhí in usaid le haghaidh staidéir. Sa lá atá inniu ann, léann ár léitheoirí na leabhair i seomra thíos staighre.
Is é bailiúcháin leabhar Elias Bouhéreau ata istigh san Sean-Seomra Léitheóireachta. Úgónach (Huguenot) ab ea Bouhéreau, a theith go hÉireann ón ngéarleanúint reiligiúnda sa Fhrainc in 1686. D’éalaigh Bouhéreau, a bhean, agus seachtar dá n-ochtar páiste ó chuan La Rochelle, ach tógadh a 2,200 leabhar as an dtír trí iad a dhíol go bréagach don ambasadóir Shasanach i bPárás; sheol sé siúd na leabhair ar aghaidh ansin go dtí na bhfíor-úinéir trína chumhachtaí diplomaitiúla.

Dara Gailearaí
Níl an Dara Gailearaí chomh galánta leis an gcéad ceann: tá na toisí idir na bánna níos cúinge agus níl díon bhoghtach air. Féachann sé ó thuaidh, agus bíonn an gailearaí seo cúpla céim níos fuaire ná an chud eile den leabhrlann dá bharr. Is cinnte gur an fuacht a mhothaítear ar theacht isteach sa ghailearaí seo is cúis leis na scéalta diansheasmacha go bhfuil púca sa leabharlann. Ar thaobh na lámha clé atá bailiúchán phearsanta leabhar an Árdeaspag Marsh.Ba theangeolaí chumasach é Marsh agus tá a bhailiúchán go speisialta láidir i leith na hÉabhraise, na hArabaise, na hAramaise, na Siricise, agus na Coptaise. Nuair a fuair Marsh bás, bronnadh a leabhair ar an leabharlann, ach cuireadh a bhailiúchán suntasach de lámhscríbhinní ón Oirthear go dtí an Bodleian in Oxford.
Ar thaobh na lámha deise den áiléir seo atá leabharlann phearsanta John Stearne, Easpag Chlochair. Tá claonadh níos liteartha ar an mbailiúchán seo ná ar an trí bhailiúchán eile, agus méid mhór drámaí agus dánta ann. Tá cuid is mó de na leabhar ar chúrsaí Éireannacha le fáil sa bhailiúchán seo freisin; tá fócas i bhfad níos Eorpaí ag an gcuid eile den leabharlann.
Tógadh na cásanna ag bun an dara gailearaí thart ar an gceathrú deiridh den ochtú aois déag. Úsaideadh iad nuair a bhí cuairteoirí ag iarraidh leabhair bheaga, a bheadh éasca le goid, a léamh. Cuireadh an staighre bíse sa leabharlann le blianta beaga anuas, sna 1980aí. Bhíodh bealach isteach go túr réalteolaíochta taobh thiar den doras adhmaid ag barr an staighre, agus do nasc an túr Leabharlann Marsh le pálás an Árdeaspaig. Baineadh an túr as a chéile in 1833.

CONAS A MHAOINÍTEAR MUID:
Is carthanacht chláraithe an leabharlann. Is trí dheontas ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, agus Gaeltachta atáimid in ann oscailt do chuairteoirí. Tugann Oifig na nOibreacha Poiblí comhairle proifisiúnta agus cabhair den scoth dúinn ar chaomhnú an fhoirgnimh.
CONAS AR FÉIDIR LEAT CABHRÚ:
Tá gá leanúnach le cuid de na leabhair is sinne agus is tearca sa leabharlann a chaomhnú agus a dheisiú. Leiríonn an téip bán a fheicfidh tú ar roinnt de na leabhair go bhfuil said le tabhairt chuig ár roinn chaoimhnaithe. Ní bhíonn ach miondheisithe ó roinnt leabhair, ach bíonn obair shuntasach ag teastáil ó chin eile. Úsáidtear gach uile cent den airgead a chuirtear inár mboscaí deontais sa leabharlann chun na hábhair sár-luachmhara seo a chosaint agus a chaomhnú. Féach conas a chosnaíonn do dheontais na leabhair seo ag: www.marshlibrary.ie/conservation
BÍ AG CAIDREAMH LINN:
Gach lá oibre den mbliain, cuireann muid íomhá ónár mbailiúcháin ar na meáin shóisialta. Cuirfidh sé ionadh ort cé chomh h-álainn, spéisiúil is atá na leabhair agus lámhscríbhinní a chuireann muid ar líne.
Má tá aon trácht le déanamh agat ar do chuairt go Leabharlann Marsh, téigh i dteagmháil linn le do thoil ag information@marshlibrary.ie
Connect On Social

Connect On Social
